Laoise Ní Cheallaigh Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge
Ainm: Laoise Ní Cheallaigh
Guthán: 0504 21201
Faics: 0504-23735
R.phost: .(JavaScript must be enabled to view this email address)


Cáilíochtaí:

B.A. H.Dip.Ed., M.Litt.

Múinteoireacht:

Léachtóir is ea mé ar na réimsí seo a leanas de Chlár na Céime Ealaíona san Oideachas, Nua-Ghaeilge agus Staidéir Reiligiúnda – Déaglitríocht na Gaeilge, Cruinneas na Teanga, Oidhreacht na Gaeilge, Gearrscéalaíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, An Úrscéalaíocht Chomhaimseartha, Dírbheathaisnéisí na Gaeilge agus Litríocht an Bhlascaoid.

Réimsí taighde:

Tá spéis faoi leith agam i Nua-phrós na Gaeilge, idir úrscéalaíocht agus gearrscéalaíocht. Gearrscéalaíocht Phádraig Bhreathnaigh atá mar ábhar taighde dochtúireachta agam. Chomh maith leis sin, cuirim an-spéis i litríocht na hImirce agus i litríocht an Bhlascaoid Mhóir ach go háirithe. Is í sin a bhí mar ábhar taighde agam do mo thráchtas M.Litt. – Slán Beo le Saol an Bhlascaoid: Tionchar na hImirce ar an Oileán Tiar agus an Tréigean Deireanach.


Foilsiúcháin:

Mar chuid de Cheiliúradh an Bhlascaoid 2008, a raibh an téama ‘Imirce agus Imigéin’ faoi chabidil ann, thug mé léacht dár teideal ‘Ar Thairseach na Bruíne Draíochta’ a craoladh ar Raidió na Gaeltachta.
‘Teitheadh na mBan ón Árthach Báite’ in Ceiliúradh an Bhlascaoid 13: Imirce is Imigéin, in eagar ag Mícheál de Mórdha, 32-56. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2011.


Gníomhaíochtaí proifisiúnta:

Is ball mé de Chonradh na Gaeilge.


Caitheamh aimsire: Tá an-suim agam sa léitheoireacht. Tá spéis faoi leith agam i litríocht imirce na hÉireann, dírbheathaisnéisí agus sa scéalaíocht chomhaimseartha. Leanaim foireann iománaíochta Chill Chainnigh agus is breá liom am a chaitheamh i mbun pilates agus geoga.



Tony Ó Floinn
Ainm: Tony Ó Floinn
Guthán: 0504 21201
Faics: 0504-23735
R.phost: .(JavaScript must be enabled to view this email address)

Obair: D’oibríos ar feadh tréimhse fada san earnáil cógaisíochta i réimsí an rialaithe cáilíochta agus na trádstórála. Ina theannta san, chaitheas sealanna ag múineadh na eolaíochta is na ceimice san tSiombáib (trí mheán an Bhéarla) agus in Éirinn (trí mheán na Gaeilge). Bím ag obair mar theagascóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, na laethanta so mar aon lem dhualgaisí mar léachtóir i gColáiste Phádraig.

Cúrsaí: Is iad Fílíocht na 18ú hAoise agus an Ghaeilge Labhartha na cúrsaí atá á múineadh agam fé láthair.

Réimsí Spéise Acadúla Tá suim fé leith agam i gcultúr is saothrú na Gaeilge roimh 1850 agus i dtéacsanna comhaimseartha atá le fáil i bhfoirm lámhscríbhinní ón dtréimhse 1700-1850 go háirithe. B’é ábhar an tráchtais don M.A. agam ná eagrán criticiúil de ‘Chath na Deachún ar Thráigh Rosa Móire’ le Dáibhí de Barra a chóiriú.

Chomh maith leis sin, cuirim spéis i nGáidhlig na hAlban, i sealbhú, seachadadh agus múineadh teangacha, i ról an aistriúcháin sa Ghaeilge, agus in iarmhairtí an Choilíneachais is an Nua-Choilíneachais

Gníomhaíochtaí Proifisiúnta: Táim im bhall de Ghael-Taca agus de Chlí Gáidhlig.

Caitheamh Aimsire is Gníomhaíochtaí Pearsanta: Bainim taitneamh as an léitheoireacht, an griangrafadóireacht, scannáin, éisteacht le ceol agus siúlóidí chomh maith le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí pobail, cúrsaí timpeallachta is na mbailte slachtmhara ina measc. Cuirim spéis i gcúrsaí reatha, cur chun cinn na síochána agus forbairt eacnamaíoch sna tíortha bochta (ról an daonlathais agus rólanna is tuiscintí saoránach na dtíortha so san áireamh).